Username:

Password:

Forgot your password?

PRESS OFFICE

Siubhán Nic Grianna
Bainisteoir Cumarsáide agus Margaíochta
Tel: 091 503219
Email: sng(at)udaras.ie
Fax: 091 503101
Press Room: www.udaras.ie/faoin-udaras/nuacht-na-meain/preaseisiuinti/

ADDRESS

Údarás na Gaeltachta
Na Forbacha
Co. na Gaillimhe
Tel: 091 503100
Email: eolas(at)udaras.ie

ÚDARÁS NA GAELTACHTA Releases

Cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta

December 12, 2011 11:24 405 views

Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta sna Forbacha inniu (9 Nollaig) tugadh tuairisc don Bhord faoi sholáthar airgid an Údaráis ón Stát, ó fhoinsí eile agus óna fhoinsí féin do 2012. Beidh soláthar €18.8m in iomlán ar fáil ón Stát do na buiséid chaipitil agus reatha, ísliú 4% ar an bhliain roimhe.  Beidh buiséad caipitil na heagraíochta, a dhíríonn ar chruthú fostaíochta, idir soláthar ón Stát agus teacht isteach óna fhoinsí féin (measta), de c.€12m ar fáil. Tá seo gar don méid a bhí ar fáil don eagraíocht in 2011.

Phléigh an Bord an scrúdú atá déanta ar an Údarás le bliain anuas faoi fheidhmeanna agus cumhachtaí agus mar a d’éirigh leis an Údarás teacht slán as an phróiseas sin. D’aontaigh an Bord gur vóta muiníne é seo san Údarás agus san obair atá ar siúl aige i gcruthú agus i gcaomhnú fostaíochta, an ról lárnach atá aige i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge sa Ghaeltacht agus i gcur chun cinn cúrsaí forbartha pobail, sóisialta agus cultúrtha sa Ghaeltacht.

Pléadh chomh maith próiseas ceapacháin príomhfheidhmeannach don eagraíocht agus táthar ag súil go mbeidh deis ann an ceapachán seo a dhéanamh go luath sa bhliain úr;  luadh an tábhacht atá le daonlathas an Bhoird a choinneáil agus treisíodh go bhféadfadh toghchán an Údaráis a bheith ann le linn toghcháin Comhairlí Contae nó reifreann le laghdú a dhéanamh ar chostais agus tá súil ag an Údarás é seo a phlé leis an Aire;  agus glacadh le moladh a cuireadh os comhair an Bhoird gur chóir go bhfágfaidh oifig an Choimisinéara Teanga sa Ghaeltacht agus nach laghdófaí ar aon slí cúraimí na hoifige sin.

Críoch

Eolas breise:   Siubhán Nic Grianna, Bainisteoir Cumarsáide & Margaíochta

091 503219 / 087 2217757 / sng@udaras.ie

 

TWITTER @UdarasnaG

"Lá Eolais faoi dheiseanna fostaíochta, cúrsaí oideachais agus traenála á eagrú amárach i nGaoth Dobhairag 10rn. http://t.co/SuatSvjyRz"
UdarasnaG 22 May 15:46

"Employment, Training and Education Opportunities Information Day takes place tomorrow in Gaoth Dobhair. http://t.co/tDNeRaeGhc"
UdarasnaG 22 May 15:46

"Seimineár dírithe ar earnáil na mara á reáchtáil le linn Féile Mara na Gaillimhe ar 30 Bealtaine Clár: http://t.co/faYof5KJAH"
UdarasnaG 22 May 09:19